Eaxodus 24:6-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Agus thóg Maois leath na fola agus chuir i miasa í, agus dhoirt sé an leath eile ar an altóir.

7. Ansin thóg sé leabhar an chonartha, agus léigh é i gcomhchlos an phobail, agus dúirt siad: “Na haitheanta go léir a thug an Tiarna, déanfaimid iad a chomhlíonadh, agus beimid umhal.”

8. Ansin thóg Maois an fhuil agus chroith ar an bpobal í, agus dúirt: “Seo fuil an chonartha a rinne an Tiarna libh de réir na mbriathra seo go léir.”

9. Ansin ghabh Maois suas, agus Árón agus Nádáb agus Aibíchiú agus deichniúr agus trí fichid de sheanóirí Iosrael,

10. agus chonaiceadar Dia Iosrael, agus faoina chosa bhí mar a bheadh páváil saifíre, agus í mar neamh féin ar ghile.

11. Níor leag sé lámh ar na huaisle seo de phobal Iosrael; d'fhéachadar ar Dhia; d'itheadar agus d'óladar.

12. Dúirt an Tiarna le Maois: “Tar aníos chugam ar an sliabh, agus fan ann fad bheidh mé ag tabhairt na leaca cloiche duit, leis an dlí agus na haitheanta, a scríobh mé lena dteagasc.”

13. D'éirigh Maois dá bhrí sin agus a shearbhónta Iósua, agus suas faoi shliabh Dé le Maois.

14. Dúirt sé leis na seanóirí: “Fanaigí anseo liom go bhfillfimid ar ais chugaibh; agus seo iad Árón agus Húr agaibh, agus má bhíonn caingean ag aon duine le réiteach, téadh sé chucu.”

Eaxodus 24