Eaxodus 24:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Dúirt sé le Maois: “Tar aníos go dtí an Tiarna, tú féin agus Árón agus Nádáb agus Aibíchiú, agus deichniúr agus trí fichid de sheanóirí Iosrael agus sléachtaigí dó ó chéin.

2. Maois amháin a thiocfaidh i gcóngar an Tiarna, agus ní thiocfaidh an chuid eile, agus ní thiocfaidh an pobal aníos fairis.”

3. Tháinig Maois agus d'aithris sé don phobal aitheanta uile an Tiarna agus a reachtanna uile. D'fhreagair an pobal go léir d'aonghuth: “Na haitheanta go léir a thug an Tiarna, déanfaimid iad a chomhlíonadh.”

4. Agus chuir Maois aitheanta uile an Tiarna i scríbhinn agus d'éirigh sé go moch lá arna mhárach agus thóg sé altóir faoi bhun an tsléibhe, le dhá ghallán déag do dhá threibh déag Iosrael.

Eaxodus 24