Eaxodus 22:10-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. socróidh mionn dar an Tiarna eatarthu beirt, féachaint ar leag sé lámh ar chuid a chomharsan. Glacadh an t‑úinéir a mbíonn fágtha, agus ní dhéanfaidh an duine eile cúiteamh.

11. Má ghoidtear uaidh é, déanadh sé cúiteamh leis an úinéir.

12. Má stollann ainmhithe allta é, tugadh sé an fuíoll leis mar fhianaise agus ní dhéanfaidh sé cúiteamh ar son an stollta.

13. Má bhíonn ainmhí ar iasacht ag duine ó dhuine eile, agus go leontar é nó go bhfaigheann sé bás gan an t‑úinéir i láthair, caithfidh an duine eile cúiteamh iomlán a dhéanamh.

14. Má bhíonn an t‑úinéir i láthair, ní dhéanfaidh sé cuiteamh; más ar íoc a bhí sé, ar son an íoca a tháinig sé.

15. Má mheallann duine maighdean nach bhfuil pósta, agus luí léi, ní foláir dó a coibhche a íoc agus glacadh léi mar bhean.

16. Má dhiúltaíonn a hathair glan í ligean leis, íocadh sé cothrom coibhche na maighdean.

17. Ná fág a beo ag bandraoi.

18. Aon duine a luífidh le hainmhí cuirtear chun báis é.

19. Aon duine a dhéanfaidh íobairt d'aon dia eile ach an Tiarna, scriostar faoin mbang é.

20. Ná déan éagóir ar dheoraí ná leatrom, mar ba dheoraithe sibh féin i gcríocha na hÉigipte.

Eaxodus 22