16. An té a fhuadaíonn fear - cibé acu a dhíolann sé é nó go bhfaightear ina sheilbh é - ní foláir é chur chun báis.
17. An té a chuireann mallacht ar a athair nó ar a mháthair, ní foláir é a chur chun báis.
18. Má bhíonn aighneas idir daoine agus go mbuaileann fear fear eile le cloch nó lena dhorn, agus nach bhfaigheann an fear sin bás, ach go dtugann sé an leaba air féin,
19. rachaidh an té a bhuail é saor má éiríonn [an fear leonta] arís agus go siúlann sé fiú lena bhata. Ní foláir dó an t‑am a chuaigh amú air a chúiteamh leis agus a bheith ina chúram go mbíonn sé slán folláin.
20. Má bhuaileann fear a dhaor nó a dhaoirseach, agus go bhfaigheann an duine bás faoina láimh, caithfidh sé an éiric a dhíol.
21. Ach má mhaireann an duine lá nó dhó, ní chaithfidh sé aon éiric a dhíol, óir is é chuid cheannaigh é.
22. Má leonann lucht imris bean throm agus go scarann sí lena gin, ach nach mbíonn deasca uirthi, díoladh an ciontach an éiric a éileoidh a céile; díoladh sé ar bhreith na mbreithiúna.
23. Ach má leanann deasca, ansin tabharfaidh tú anam ar anam,
24. súil ar shúil, fiacail ar fhiacail, lámh ar láimh, cos ar chois,
25. do ar dhó, goin ar ghoin, buille ar bhuille.
26. Má bhuaileann fear a dhaor nó a dhaoirseach sa tsúil, agus í a chur ó mhaith, scaoileadh sé saor an duine sin ar son na súile.
27. Má bhaineann sé fiacail as a dhaor nó as a dhaoirseach, scaoileadh sé saor an duine sin ar son na fiacaile.
28. Má leonann damh fear nó bean go marfach, gabhtar de chlocha sa damh, agus ná hitear a fheoil, ach ní bheidh an t‑úinéir ciontach.
29. Ach má bhí sé de nós ag an damh sá lena adharc roimhe sin, agus gur tugadh rabhadh dá úinéir ach nár choimeád sé faoi smacht é, agus go mairíonn sé fear nó bean, gabhtar de chlocha sa damh agus cuirtear a úinéir chun báis leis.