7. Ná luaigh ainm an Tiarna, do Dhia, le mí-úsáid a bhaint as. Óir an té a luafaidh ainm an Tiarna le mí-úsáid a bhaint as, ní fhágfaidh an Tiarna gan phionós é.
8. Cuimhnigh ar an tsabóid agus coinnigh naofa í.
9. Caithfidh tú sé lá ag obair agus déanfaidh tú do shaothar go léir,
10. ach an seachtú lá, is sabóid é don Tiarna do Dhia. An lá sin ná déan scaob oibre - tú féin ná do mhac, ná d'iníon, ná do dhaor ná do dhaoirseach, ná do stoc ná an deoraí atá faoi do dhíon.
11. Óir is i sé lá a rinne an Tiarna neamh agus talamh agus an fharraige, agus gach a bhfuil iontusan, ach ar an seachtú lá scoir sé ó obair. Uime sin bheannaigh an Tiarna lá na sabóide agus naomhaigh é.
12. Tabhair do d'athair agus do do mháthair onóir i dtreo go mba fada iad do laethanta ar an talamh a thug an Tiarna do Dhia duit.
13. Ná déan marú.
14. Ná déan adhaltranas.