18. Nuair a thángadar mar a raibh Reúél, an t‑athair, dúirt seisean: “Nach luath atá sibh ar ais inniu!”
19. “Shaor Éigipteach sinn,” ar siad, “ó lámha na n‑aoirí agus, fairis sin, tharraing sé uisce dúinn agus thug deoch don tréad.”
20. Agus dúirt seisean lena iníonacha: “Cá bhfuil mo dhuine? Cén fáth é a fhágáil ansiúd? Iarraigí air teacht agus bia a chaitheamh linn.”
21. Bhí Maois sásta cur faoi i bhfochair an duine seo agus thug seisean Zipiorá a iníon mar bhean dó.
22. Rug sí mac agus thug sé Géirsiom mar ainm air, “mar,” ar sé, “is deoraí (gér) mé i dtír iasachta.”
23. Le himeacht na fadaimsire sin tháinig an bás ar rí na hÉigipte; agus bhí clann Iosrael ag cneadaíl faoi chuing a ndaoirse agus scread siad ag iarraidh cabhrach agus tháinig a scread ó umar a ndaoirse i láthair Dé.
24. D'éist Dia lena gcnead agus chuimhnigh Dia ar a chonradh le hAbrahám, le hÍosác agus le Iacób.
25. D'fhéach Dia ar chlann Iosrael agus ba eol dó [a gcruachás].