Eaxodus 2:12-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. D'fhéach sé anseo agus ansiúd agus nuair nach bhfaca sé aon duine, mharaigh sé an tÉigipteach agus chuir a chorp i bhfolach sa ghaineamh.

13. Tháinig sé ar ais lá arna mhárach agus b'sheo beirt Eabhrach ag troid le chéile. Dúirt sé leis an té a bhí san éagóir: “Cén fáth gur bhuail tú do chomhthíreach?”

14. “Agus cé a cheap thusa,” ar seisean leis, “i do thaoiseach agus i do bhreitheamh orainne? An mé a mharú a ba áil leat, mar a mharaigh tú an tÉigipteach?” Tháinig scanradh ar Mhaois: “Ní foláir,” ar sé leis féin, “nó go bhfuil an scéal úd amuigh orm.”

15. Nuair a chuala Forann ina thaobh, rinne sé iarracht ar Mhaois a mharú, ach theith Maois ó Fhorann agus d'fhan sé i dtír Mhidián. Shuigh sé láimh le tobar.

16. Agus anois bhí mórsheisear iníonacha ag sagart Mhidián agus thángadar agus tharraingíodar uisce agus líonadar na humair chun uisce a thabhairt do thréad a n‑athar.

17. Tháinig aoirí agus thiomáin ar shiúl iad, ach d'éirigh Maois agus d'fhóir orthu agus thug deoch dá dtréad.

18. Nuair a thángadar mar a raibh Reúél, an t‑athair, dúirt seisean: “Nach luath atá sibh ar ais inniu!”

Eaxodus 2