1. Bhí duine de threibh Léiví agus phós sé bean de shliocht Leiví.
2. Ghabh an bhean gin agus rug sí mac, agus nuair a chonaic sí gur bhunóc bhreá é, chuir sí i bhfolach é ar feadh trí mhí.
3. Nuair a chuaigh di é a choimead faoi cheilt a thuilleadh, fuair sí cléibhín paipíre dó agus chuimil sí bitiúman agus pic de, agus chuir an leanbh ann, agus chuir i measc na n‑eileastram ar bhruach na habhann é.
4. Sheas a dheirfiúr i leataobh tamall féachaint cad a dhéanfaí leis.
5. Agus tháinig iníon Fhorainn anuas chun í féin a fholcadh san abhainn agus bhí a hionailtí ag spaisteoireacht ar bhruach na habhann. Chonaic sí an cléibhín i measc na n‑eileastram agus chuir sí a hionailt ag triall air.
6. D'oscail, d'fhéach, agus chonaic an leanbh fir, agus bhí an leanbh ag gol; bhí trua aici dó agus dúirt: “Leanbh le duine de na hEabhraigh é seo!”
7. Ansin dúirt a dheirfiúr le hiníon Fhorainn: “An rachaidh mé agus buime a ghairm ó i measc na mban Eabhrach chun an leanbh a oiliúint duit?”
8. “Déan,” arsa iníon Fhorainn léi, agus d'imigh an cailín agus ghlaoigh ar mháthair an linbh.
9. Agus dúirt iníon Fhorainn léi: “Beir leat an leanbh seo, agus oil dom é, agus ní fhágfaidh mé gan do thuarastal thú.” Thóg an bhean an leanbh agus d'oil.
10. Agus d'fhás an leanbh agus thug sí chun iníon Fhorainn é, agus bhí sé amhail mac aici, agus thug sí Maois air, “mar,” ar sí, “gur tharraing mé as an uisce é.”