Eaxodus 18:2-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Tar éis í a bheith curtha chun siúil, thóg Iatró athair céile Mhaois, Zipiorá bean Mhaois

3. agus a beirt mhac. Bhí Géirsiom ar dhuine acu mar go ndúirt sé: “Is deoraí mé i dtír iasachta”;

4. agus bhí Eilíeizir (“Dia Mo Chabhair”) mar ainm ar an bhfear eile mar go ndúirt sé: “Dia m'athar mo chabhair mar d'fhuascail sé mé ó chlaíomh Fhorainn.”

5. Agus tháinig Iatró, athair céile Mhaois, chun Maois lena bheirt mhac agus lena bhean mar a raibh a champa aige san fhásach ag sliabh Dé.

6. “Seo chugat athair do chéile, Iatró, agus do bhean agus do bheirt mhac ina teannta,” a dúradh le Maois.

7. Amach le Maois in airicis athair a chéile agus shléacht sé dó agus phóg é; tar éis dóibh tuairisc sláinte a chéile a chur, chuadar isteach sa bhoth.

8. Ansin d'eachtraigh Maois d'athair a chéile a ndearna an Tiarna le Forann agus leis na hÉigiptigh mar mhaithe le clann Iosrael, agus a dtainig de chruatan orthu ar an mbealach agus conas a d'fhuascail an Tiarna iad.

9. Tháinig áthas croí ar Iatró de bharr a ndearna an Tiarna de mhaith d'Iosrael á bhfuascailt ó lámha na nÉigipteach.

10. “Go mbeannaítear an Tiarna,” arsa Iatró ansin, “mar gur fhuascail sé sibh ó lámha na nÉigipteach, agus ó lámha Fhorainn.

11. Anois is ea atá a fhios agam gur mó an Tiarna ná na déithe go léir, mar gur fhuascail sé an pobal ó lámha na nÉigipteach nuair a bhíodar go huaibhreach leo.”

12. Ansin d'ofráil Iatró athair céile Mhaois íobairt loiscthe agus ofrálacha do Dhia agus tháinig Árón agus seanóirí Iosrael go léir chun an béile a chaitheamh i gcuideachta athair céile Mhaois os comhair Dé.

13. Lá arna mhárach shuigh Maois i mbun bhreithiúnas an phobail agus bhí an pobal ina seasamh ina thimpeall ó mhaidin go tráthnóna.

14. Nuair a chonaic athair a chéile a raibh aige á dhéanamh don phobal dúirt sé: “Cad chuige an t‑ualach seo go léir a ghabháil ort féin ar son an phobail? Cad a b'áil leat i do shuí leat féin agus an pobal ina seasamh i do thimpeall ó mhaidin go tráthnóna?”

15. Thug Maois freagra ar athair a chéile: “Mar go dtagann an pobal chugam chun a gcásanna a chur faoi bhráid Dé.

16. Nuair a bhíonn aighneas eatarthu, tagann siad chugamsa agus réitímse na heasaontais idir duine agus a chomharsa agus tugaim teagasc dóibh i dtaobh reachtanna Dé agus a bhreithiúnais.”

17. “Ní cóir duit,” arsa athair chéile Mhaois leis, “an t‑ualach seo a chur ort féin.

18. Déanfar thú féin agus do phobal mar aon leat a thraochadh. Tá an obair róthrom duit; ní féidir duit é a dhéanamh leat féin.

19. Déan rud orm; cuirfidh mé comhairle ort agus beidh Dia leat. Ní foláir duit seasamh i láthair Dé agus a gcúiseanna a chur faoi bhráid Dé.

Eaxodus 18