9. Dúirt Maois le hÁrón: “Abair le comhthionól chlann Iosrael go léir: ‘Tagaigí os comhair an Tiarna óir thug sé cluas do bhur ngearáin.’ ”
10. Agus Árón ag labhairt le comhthionól chlann Iosrael go léir, d'fhéachadar i dtreo an fhásaigh, agus féach, thaispeáin glóir an Tiarna í féin sa néal.
11. Ansin labhair an Tiarna le Maois:
12. “Chuala,” ar sé, “gearáin chlann Iosrael. Abair é seo leo: ‘Idir dhá sholas tráthnóna beidh feoil le hithe agaibh, agus ar maidin líonfar sibh le harán go smig; beidh a fhios agaibh ansin gur mise, an Tiarna, bhur nDia.’ ”
13. Agus is amhlaidh a bhí; an tráthnóna sin tháinig gearga aníos agus líonadar an campa go léir; agus ar maidin bhí brat drúchta timpeall an champa.
14. Nuair a scaip an drúcht bhí an rud mín plurach, mion mar an sioc liath, ina luí ar dhromchla an fhásaigh.
15. Nuair a chonaic clann Iosrael é dúradar lena chéile: “Cad é seo (man hú)?” mar nárbh fhios dóibh cad é. “Sin é,” arsa Maois, “an t‑arán a thug an Tiarna le hithe daoibh.
16. Seo mar a d'ordaigh an Tiarna daoibh: ‘Cruinníodh gach duine agaibh riar a cháis de, ómar an duine de réir an líon daoine atá ag gach duine ina bhoth.’ ”
17. Rinne clann Iosrael amhlaidh; chruinníodar é, cuid díobh breis, cuid díobh níos lú.
18. Nuair a thomhaiseadar é le hómar ansin, an té a chruinnigh breis ní raibh aon fhearasbarr aige; agus an té a chruinnigh níos lú ní raibh aon easnamh air. Bhí a sháith cruinnithe ag gach duine.