4. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Anois fearfaidh mé arán anuas ó neamh daoibh. Rachaidh an pobal amach gach lá chun cuid an lae sin a chnuasach, d'fhonn iad a phromhadh féachaint an siúlfaidh siad i mbealaí mo dhlí nó nach ndéanfaidh siad.
5. Ag cóiriú a gcnuasaigh dóibh ar an séú lá, beidh dhá oiread a gcnuasaigh lae ann.”
6. Dúirt Maois agus Árón dá bhrí sin le pobal Iosrael go léir: “Tráthnóna an lae seo, beidh a fhios agaibh gurbh é an Tiarna a thug amach sibh ó thír na hÉigipte,
7. agus ar maidin feicfidh sibh glóir an Tiarna, óir chuala seisean bhur monabhar ina aghaidh - ní inár n‑aghaidhne an monabhar, óir céard é sinne?”
8. Dúirt Maois: “Um thrathnóna tabharfaidh an Tiarna feoil daoibh le hithe, agus ar maidin arán go smig; óir chuala an Tiarna na gearáin a rinne sibh ina choinne; ní inar gcoinne-ne bhur ngearain - óir céard é sinne? - ach i gcoinne an Tiarna.”
9. Dúirt Maois le hÁrón: “Abair le comhthionól chlann Iosrael go léir: ‘Tagaigí os comhair an Tiarna óir thug sé cluas do bhur ngearáin.’ ”
10. Agus Árón ag labhairt le comhthionól chlann Iosrael go léir, d'fhéachadar i dtreo an fhásaigh, agus féach, thaispeáin glóir an Tiarna í féin sa néal.
11. Ansin labhair an Tiarna le Maois:
12. “Chuala,” ar sé, “gearáin chlann Iosrael. Abair é seo leo: ‘Idir dhá sholas tráthnóna beidh feoil le hithe agaibh, agus ar maidin líonfar sibh le harán go smig; beidh a fhios agaibh ansin gur mise, an Tiarna, bhur nDia.’ ”