Eaxodus 15:10-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Shéid tú anáil, agus d'iaigh an fharraige orthu.Chuadar faoi mar luaidhe sna huiscí gáifeacha.

11. Cé is cosúil leat ar na déithe, a Thiarna?Cé is cosúil leat, a Thiarna, le mórgacht do naofachtale huafás d'éachtaí glórmhara agus leis na hiontais a chuireann tú i gcrích?

12. Shín tú amach do dheaslámh agus shlog an talamh iad.

13. Threoraigh tú le teann grá an pobal a d'fhuascail tú;rinne tú eolas dóibh le do neart chun d'áitribh naofa.

14. Ar a chlos seo dóibh, tháinig ballchrith ar na ciníocha;chuaigh áithritheoirí na Filistíne i gceas naíon.

15. Tháinig suaitheadh ar phrionsaí Eadóm;bhí greim ag an gcreathán ar cheannairí Mhóáb;d'imigh leá ar áithritheoirí Chanán go léir.

16. Tháinig scéin agus scanradh orthu;mar gur thréan í do lámh, bhíodar gan cor astu dála na cloiche;go ndeachaigh do phobal thar bráid, a Thiarna;go ndeachaigh an pobal a d'fhuascail tú thar bráid.

17. Thug tú isteach iad agus shuigh tú iad ar do shliabh féin,san áit dá ndearna tú d'áitreabh,an sanctóir a dhealbhaigh do lámha.

18. Beidh an Tiarna i réim go deo na ndeor.”

19. Ghabh eachra Fhorainn isteach san fharraige lena gcarbaid agus lena gcarbadóirí, ach sheol an Tiarna uiscí na farraige siar orthu; shiúil clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige.

20. Ansin Miriám banfháidh, deirfiúr Árón, thóg sí tiompán ina láimh agus lean na mná go léir í lena dtiompáin sa rince.

21. Chuir Miriám ceann ar an luinneog ag canadh dóibh:“Canaigí don Tiarna; rug sé bua le barr glóire!chaith sé i bhfarraige idir each agus charbadóir.”

22. Sheol Maois Iosrael ar aghaidh ó Mhuir na nGiolcach agus isteach leo i bhfásach Shiúr mar ar leanadar sa siúl tríd an bhfásach ar feadh trí lá gan uisce a fháil.

23. Nuair a shroicheadar Márá níorbh fhéidir leo uisce Mhárá a ól lena sheirbhe; uime sin a tugadh Márá ar an áit.

24. Bhí an pobal ag monabhar in aghaidh Mhaois. “Cad tá le hól againn?” a deiridís.

25. Ghlaoigh Maois chun an Tiarna agus thaispeáin an Tiarna crann dó; chaith Maois é sin isteach san uisce agus d'éirigh sé milis.Ansiúd a rinne [an Tiarna] statúid agus reacht dóibh;ansiúd a rinne sé iad a phromhadh.

26. Ansin dúirt sé: “Má éisteann tú go cáiréiseach le glór an Tiarna do Dhia agus a bhfuil ceart ina láthair a dhéanamh agus aird a thabhairt ar a aitheanta agus a reachtanna a choimeád, ní dhéanfaidh mé aon cheann de na holca a d'imir mé ar na hÉigiptigh a imirt ort; mar is mise an Tiarna do shlánaitheoir.”

27. Thángadar dá bhrí sin go hÉilím mar a raibh dhá thobar déag fíoruisce agus seachtó crann pailme agus shuíodar a gcampa láimh leis.

Eaxodus 15