Eaxodus 14:30-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

30. D'fhuascail an Tiarna clann Iosrael an lá sin ó na hÉigiptigh agus chonaic Iosrael na hÉigiptigh sínte marbh ar an gcladach.

31. Chonaic Iosrael an t‑éacht groí a rinne an Tiarna ar na hÉigiptigh agus thugadar ómós don Tiarna; chreideadar sa Tiarna agus i Maois a shearbhónta.

Eaxodus 14