7. I gcaitheamh na seacht lá sin, itear arán gan ghabháile; ná bíodh aon arán gabháilte le feiceáil agat ná radharc ar aon ghabháile ar fud do chríoch go léir.
8. Agus tabhair fios fátha an scéil do do mhac an lá sin: ‘Is de bharr a ndearna an Tiarna dom nuair a tháinig mé amach as an Éigipt é seo!’
9. Beidh sé mar a bheadh marc ar do láimh, nó mar chuimhneachán ar chlár d'éadain i dtreo go mbeidh dlí an Tiarna ar do bheola de shíor; óir is le láimh láidir a thug an Tiarna thú as an Éigipt amach.
10. Comhlíon an reacht seo gach bliain dá bhrí sin ag an am atá beartaithe dó. ”
11. “Nuair a thabharfaidh an Tiarna thú go dtír na gCanánach, rud a mhionnaigh sé duit féin agus do d'aithreacha a dhéanfadh sé, agus an tír a thabhairt duit,
12. déan gach céadghin a osclóidh broinn a choisreacan don Tiarna; mar an gcéanna le gach céadghin ó ainmhí, is leis an Tiarna na fireannaigh orthu.
13. Gach céadghin asail, déan é a fhuascailt ar uan, nó mura ndéanann tú, bris a mhuineál. Gach céadghin mic ar do chlann mhac, déan é a fhuascailt.