5. Ní foláir an t‑uan agaibh a bheith gan mháchail, fireann agus in aois bliana; is cuma an meannán nó uan caorach a thógfaidh sibh.
6. Ní foláir daoibh é a choimeád go dtí an ceathrú lá déag den mhí seo nuair a mharóidh comhthionól uile Iosrael a n‑uain idir dhá sholas tráthnóna.
7. Ansin tógfaidh siad cuid den fhuil agus cuirfidh siad í ar dhá ursain agus ar fhardoras na dtithe ina mbíonn sé á ithe acu.
8. Íosfaidh siad an fheoil an oíche sin arna róstadh ar thine; beidh arán gan ghabháile agus luibheanna searbha mar anlann léi.
9. Ná hithigí aon chuid de amh ná bruite in uisce, ach rósta ar thine - idir cheann agus chosa agus ionathar.
10. Ná fágaigí aon fhuílleach de gan ithe go maidin; a mbeidh gan ithe go maidin, loiscigí é [agus ní bhrisfidh sibh cnámh ann].
11. Seo mar a bheidh sibh agus sibh á ithe: crios faoi bhur gcoim, agus cuaráin ar bhur gcosa, agus bata in bhur láimh. Ithigí é faoi dheifir. Is Cáisc in onóir an Tiarna é.
12. Gabhfaidh mé trí thír na hÉigipte an oíche sin agus buailfidh mé gach céadghin i dtír na hÉigipte idir dhuine agus ainmhí; imreoidh mé daorbhreith ar dhéithe uile na hÉigipte; mise an Tiarna!