Eaxodus 12:44-51 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

44. ach aon daor a ceannaíodh ar airgead ní miste é a ithe coda di, ach é a bheith timpeallghearrtha.

45. Ní ceadmhach d'aon deoraí ná d'aon fhear tuarastail aon chuid di a ithe.

46. Itear an t‑uan san aon teach amháin; ná tógtar aon chuid den fheoil lasmuigh den teach; ná brisigí aon chnámh ann.

47. Ní foláir do chomhthionól uile Iosrael an Cháisc a cheiliúradh.

48. Má bhíonn eachtrannach in bhur measc agus fonn air an Cháisc in onóir an Tiarna a cheiliúradh faraibh, déantar timpeallghearradh ar gach fireannach dá mhuintir, agus ansin tagadh sé agus ceiliúradh, mar is cuma nó dúchasach ansin é. Ní ceadmhach d'aon duine gan timpeallghearradh cuid di a ithe.

49. Beidh an dlí céanna i bhfeidhm don dúchasach agus don eachtrannach a lonnaíonn in bhur measc.”

50. Rinne clann Iosrael go léir de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois agus d'Árón, rinneadar sin.

51. Agus an lá sin féin thug an Tiarna clann Iosrael amach as tír na hÉigipte ina sluaite cóirithe.

Eaxodus 12