35. Bhí rud déanta ag clann Iosrael ar Mhaois chomh maith, mar d'iarradar seoda airgid agus óir agus éadaí ar na hÉigiptigh.
36. Thug an Tiarna oiread sin fabhair don phobal i súile na nÉigipteach gur ligeadar leo gach ar iarradar. Chreachadar na hÉigiptigh ar an gcuma sin.
37. Chuir clann Iosrael chun siúil ó Ramasaes go Sucót - sé chéad míle fear díobh dá gcois, seachas mná agus miondaoine.
38. Ghabh a lán daoine de gach sórt ina dteannta, agus a lán stoic idir thréada agus tháinte.
39. Bhácáladar builíní den taos slim a thugadar leo as an Éigipt; bhí an taos gan ghabháile mar gur tiomáineadh as an Éigipt iad agus gan d'uain acu fanacht, agus gan lón bóthair a sholáthar dóibh féin.
40. Ceithre chéad agus deich mbliana fichead an fad a bhí caite ag clann Iosrael san Éigipt.
41. An lá ceannann céanna ar a raibh an ceithre chéad agus deich mbliana fichead slán, d'imigh sluaite uile an Tiarna amach as tír na hÉigipte.
42. Rinne an Tiarna faire an oíche úd chun iad a thabhairt amach as an Éigipt; ní foláir dá bhrí sin do chlann Iosrael go léir ó ghlúin go glúin, faire a dhéanamh in onóir an Tiarna an oíche úd.
43. Dúirt an Tiarna le Maois agus Árón: “Seo é reacht na Cásca: Ná hitheadh aon eachtrannach aon chuid di;
44. ach aon daor a ceannaíodh ar airgead ní miste é a ithe coda di, ach é a bheith timpeallghearrtha.
45. Ní ceadmhach d'aon deoraí ná d'aon fhear tuarastail aon chuid di a ithe.
46. Itear an t‑uan san aon teach amháin; ná tógtar aon chuid den fheoil lasmuigh den teach; ná brisigí aon chnámh ann.
47. Ní foláir do chomhthionól uile Iosrael an Cháisc a cheiliúradh.