26. Agus nuair a chuirfidh bhur gclann an cheist chugaibh: ‘Cad is ciall leis an searmanas seo agaibh?’
27. déarfaidh sibh: ‘Is é íobairt Chásca an Tiarna é mar ghabh sé thar thithe chlann Iosrael san Éigipt, nuair a mharaigh sé na hÉigiptigh ach gur chaomhnaigh sé ár dtithe.’ ” Agus chrom na daoine a gceann agus rinneadar ómós.
28. D'imigh clann Iosrael ansin agus rinneadar amhlaidh; de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois agus d'Árón is ea a rinneadar.
29. I lár na hoíche bhuail an Tiarna gach céadghin i dtír na hÉigipte, ó chéadghin Fhorainn, oidhre a chorónach, go céadghin an chime sa charcair agus gach céadghin de chuid an eallaigh.
30. D'éirigh Forann agus a shearbhóntaí go léir agus na hÉigiptigh go léir san oíche agus tharla uaill olagóin san Éigipt mar ní raibh teach gan marbh ann.
31. Chuir sé fios ar Mhaois agus ar Árón san oíche agus dúirt leo: “Éirígí láithreach, sibh féin agus clann Iosrael, agus amach libh ó mo mhuintirse; imigí agus déanaigí íobairt don Tiarna mar a d'iarr sibh.
32. Beirigí libh bhur dtréada agus bhur dtáinte mar a d'iarr sibh, agus buailigí bóthar! agus cuirigí beannacht ormsa chomh maith!”
33. Bhí na hÉigiptigh ag tathant ar an bpobal brostú agus imeacht as an tír gan mhoill mar gan sin a dúradar “tá an bás againn!”
34. Thug an pobal an taos leo gan gabháile a bheith curtha ann, agus a losaidí ceangailte ina mbrait ar a nguaillí acu.
35. Bhí rud déanta ag clann Iosrael ar Mhaois chomh maith, mar d'iarradar seoda airgid agus óir agus éadaí ar na hÉigiptigh.
36. Thug an Tiarna oiread sin fabhair don phobal i súile na nÉigipteach gur ligeadar leo gach ar iarradar. Chreachadar na hÉigiptigh ar an gcuma sin.
37. Chuir clann Iosrael chun siúil ó Ramasaes go Sucót - sé chéad míle fear díobh dá gcois, seachas mná agus miondaoine.