17. Ní foláir féile an Aráin gan Ghabháile a cheiliúradh mar gur ar an lá ceannann céanna sin a thug mé bhur sluaite amach as críocha na hÉigipte; uime sin déanfaidh sibh an lá seo a cheiliúradh ó ghlúin go glúin; is reacht nach gclaonfar é sin.
18. Sa chéad mhí, tráthnóna an cheathrú lá déag den mhí agus uaidh sin go dtí tráthnóna an aonú lá fichead, íosfaidh sibh arán gan ghabháile.
19. Ar feadh seacht lá ní bheidh teacht ar ruainne gabháile in bhur dtithe, mar má itheann aon duine arán ina bhfuil gabháile, teascfar amach ó chomhthionól Iosrael an duine sin, bíodh sé ina dheoraí nó ina dhúchasach.
20. Níl cead agaibh aon arán ina bhfuil gabháile a ithe; cibé áit ina mbíonn sibh, caithfidh sibh arán slim a ithe.”
21. Ghairm Maois chuige seanóirí Iosrael go léir agus dúirt leo: “Seo libh agus tógaigí uain ón tréad daoibh féin de réir bhur líon tí agus maraígí an t‑uan Cásca.
22. Gabhaigí craobh hiosóipe in bhur láimh, tumaigí í san fhuil atá san umar agus buailigí an fhuil ón umar ar an bhfardoras agus ar an dá ursain, ná téadh duine agaibh thar dhoras a thí amach go maidin.
23. Óir gabhfaidh an Tiarna thar bráid chun na hÉigiptigh a mharú; agus nuair a fheicfidh sé an fhuil ar an bhfardoras agus ar an dá ursain, rachaidh an Tiarna thar bhur ndoras agus ní ligfidh sé don scriostóir dul isteach in bhur dtithe d'fhonn bhur mbásaithe.
24. Coimeádfaidh sibh an searmanas seo mar reacht daoibh féin agus do bhur gclann go brach.
25. Nuair a shroichfidh sibh an tír atá ag an Tiarna á thabhairt daoibh, mar a gheall sé, ní foláir daoibh an searmanas seo a chomhlíonadh.
26. Agus nuair a chuirfidh bhur gclann an cheist chugaibh: ‘Cad is ciall leis an searmanas seo agaibh?’
27. déarfaidh sibh: ‘Is é íobairt Chásca an Tiarna é mar ghabh sé thar thithe chlann Iosrael san Éigipt, nuair a mharaigh sé na hÉigiptigh ach gur chaomhnaigh sé ár dtithe.’ ” Agus chrom na daoine a gceann agus rinneadar ómós.
28. D'imigh clann Iosrael ansin agus rinneadar amhlaidh; de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois agus d'Árón is ea a rinneadar.
29. I lár na hoíche bhuail an Tiarna gach céadghin i dtír na hÉigipte, ó chéadghin Fhorainn, oidhre a chorónach, go céadghin an chime sa charcair agus gach céadghin de chuid an eallaigh.
30. D'éirigh Forann agus a shearbhóntaí go léir agus na hÉigiptigh go léir san oíche agus tharla uaill olagóin san Éigipt mar ní raibh teach gan marbh ann.
31. Chuir sé fios ar Mhaois agus ar Árón san oíche agus dúirt leo: “Éirígí láithreach, sibh féin agus clann Iosrael, agus amach libh ó mo mhuintirse; imigí agus déanaigí íobairt don Tiarna mar a d'iarr sibh.
32. Beirigí libh bhur dtréada agus bhur dtáinte mar a d'iarr sibh, agus buailigí bóthar! agus cuirigí beannacht ormsa chomh maith!”
33. Bhí na hÉigiptigh ag tathant ar an bpobal brostú agus imeacht as an tír gan mhoill mar gan sin a dúradar “tá an bás againn!”
34. Thug an pobal an taos leo gan gabháile a bheith curtha ann, agus a losaidí ceangailte ina mbrait ar a nguaillí acu.