Eaxodus 12:1-3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Dúirt an Tiarna le Maois agus Árón i gcríocha na hÉigipte:

2. “Bíodh an mhí seo agaibh ar thús bhur míonna agus ina chéad mhí den bhliain agaibh.

3. Labhraígí le comhthionól Iosrael go léir agus abraigí:Ar an deichiú lá den mhí seo, tógadh gach fear uan ón tréad, ceann do gach clann, uan do gach líon tí.

Eaxodus 12