3. Thug an Tiarna fabhar don phobal i súile na nÉigipteach; agus Maois féin, ba dhuine mór le rá é i gcríocha na hÉigipte, i súile shearbhóntaí Fhorainn agus an phobail.
4. Dúirt Maois: “Seo mar a deir an Tiarna: Rachaidh mé thart ar fud na hÉigipte i lár na hoíche.
5. Gheobhaidh gach céadghin i dtír na hÉigipte bás, ó chéadghin Fhorainn, oidhre a chorónach, go céadghin na daoirsí ar chúl an mhuilinn; agus céadghin gach beithígh.
6. Beidh racht olagóin chomh tréan sin ar fud na hÉigipte ar fad nár chualathas a leithéid riamh roimhe sin agus nach ndéanfar go brách arís.
7. Ach ní thabharfaidh oiread agus madra sceamh ar aon duine de chlann Iosrael sa chás go mbeidh a fhios agaibh conas mar a dhéanann an Tiarna idirdhealú idir mhuintir na hÉigipte agus chlann Iosrael.
8. Ansin tiocfaidh na searbhóntaí seo go léir agat ag triall orm agus sléachtfaidh siad dom á rá: ‘Amach leat, agus leis an bpobal go léir a leanann thú!’ Ansin imeoidh mé amach.” Agus ghabh Maois amach ó láthair Fhorainn agus é ar lasadh le fearg.
9. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Ní éisteoidh Forann leat i dtreo go méadófar ar mo mhíorúiltí i dtír na hÉigipte.”
10. Rinne Maois agus Árón na míorúiltí seo go léir i láthair Fhorainn, ach chruaigh an Tiarna croí Fhorainn agus níor lig sé do chlann Iosrael dul amach as a chríocha.