15. Óir chlúdaíodar dromchla na talún ar fad i dtreo go raibh an talamh dubh leo; agus d'itheadar a raibh fágtha ag an gclochshneachta de ghlasraí san ithir agus de thorthaí ar na crainn; níor fhan aon ní glas, crann ná luibh sa bhán, ar fud chríocha na hÉigipte ar fad.
16. Chuir Forann fios le teann deabhaidh ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: “Pheacaigh mé in aghaidh an Tiarna, bhur nDia, agus in bhur n‑aghaidh féin.
17. Maithigí dom mo pheaca mar sin, den turas seo amháin, le bhur dtoil agus impígí ar an Tiarna, bhur nDia, an phlá bháis seo a chur díom.”
18. Chuaigh Maois amach dá bhrí sin ó Fhorann agus ghuigh sé chun an Tiarna.
19. Ansin chuir an Tiarna casadh sa ghaoth sa tslí gur shéid sí chomh tréan sin ón iarthar gur sciob sí léi na lócaistí agus iad a bhreith léi go Muir na nGiolcach. Níor fágadh oiread agus lócaiste i dtír na hÉigipte ar fad.
20. Ach chruaigh an Tiarna croí Fhorainn agus níor lig sé do chlann Iosrael imeacht.
21. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Sín amach do lámh i dtreo neimhe i dtreo go mbeidh dorchacht ar thalamh na hÉigipte, dorchacht a ba fhéidir a mhothú.”
22. Agus shín Maois amach a lámh i dtreo neimhe agus b'sheo dorchacht thiubh ar thalamh na hÉigipte go léir ar feadh trí lá.
23. Ní fhaca fear fear ná níor bhog duine óna stáitse ar feadh trí lá; ach bhí solas ag clann Iosrael mar a rabhadarsan.
24. Chuir Forann fios ar Mhaois ansin agus dúirt: “Imígí agus déanaigí íobairt don Tiarna. Ní miste bhur miondaoine a dhul libh, ach caithfidh bhur dtréada agus bhur dtáinte fanacht anseo.”
25. D'fhreagair Maois: “Ní foláir duit sás íobairtí agus ofrálacha uileloiscthe don Tiarna ar nDia a ligean linn chomh maith.
26. Caithfidh ár stoc dul linn chomh maith; ní fhágfaimid crúb inár ndiaidh; mar ní foláir dúinn ár n‑ofrálacha don Tiarna ár nDia a dhéanamh astu, agus ní eol dúinn féin cén íobairt atá le déanamh againn don Tiarna go sroichfimid an áit.”
27. Ach chruaigh an Tiarna croí Fhorainn agus dhiúltaigh sé ligean dóibh imeacht.
28. Dúirt Forann leis ansin: “Fág mo radharc! Seachain! Ná tar i mo láthair arís óir an lá a dhéanfaidh tú, marófar thú.”
29. “Breith do bhéil féin é!” arsa Maois. “Ní thiocfaidh mé i do láthair go deo arís.”