Eaxodus 10:11-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Ní mar sin a bheidh! Téadh na fir agaibh, agus déanaidís íobairt don Tiarna. Sin é atá uaibh.” Agus tiomáineadh ó láthair Fhorainn iad.

12. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Sín do lámh amach os cionn talamh na hÉigipte chun na lócaistí a thabhairt i dtreo go dtiocfaidh siad anuas ar thalamh na hÉigipte agus gach glasra ar an talamh, gach a d'fhág an clochshneachta, a alpadh.”

13. Shín Maois a shlat amach os cionn talamh na hÉigipte agus sheol an Tiarna gaoth anoir thar an talamh agus shéid sí an lá sin agus an oíche sin gan stad, agus leis an láchaint thug an ghaoth anoir na lócaistí.

14. Leath na lócaistí ar thalamh na hÉigipte go léir agus luíodar ina screamh chomh trom sin ar chríocha na hÉigipte go léir nach bhfacthas saithí chomh tiubh leo riamh roimhe sin, agus nach ndéanfar go deo arís!

15. Óir chlúdaíodar dromchla na talún ar fad i dtreo go raibh an talamh dubh leo; agus d'itheadar a raibh fágtha ag an gclochshneachta de ghlasraí san ithir agus de thorthaí ar na crainn; níor fhan aon ní glas, crann ná luibh sa bhán, ar fud chríocha na hÉigipte ar fad.

16. Chuir Forann fios le teann deabhaidh ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: “Pheacaigh mé in aghaidh an Tiarna, bhur nDia, agus in bhur n‑aghaidh féin.

17. Maithigí dom mo pheaca mar sin, den turas seo amháin, le bhur dtoil agus impígí ar an Tiarna, bhur nDia, an phlá bháis seo a chur díom.”

18. Chuaigh Maois amach dá bhrí sin ó Fhorann agus ghuigh sé chun an Tiarna.

19. Ansin chuir an Tiarna casadh sa ghaoth sa tslí gur shéid sí chomh tréan sin ón iarthar gur sciob sí léi na lócaistí agus iad a bhreith léi go Muir na nGiolcach. Níor fágadh oiread agus lócaiste i dtír na hÉigipte ar fad.

20. Ach chruaigh an Tiarna croí Fhorainn agus níor lig sé do chlann Iosrael imeacht.

21. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Sín amach do lámh i dtreo neimhe i dtreo go mbeidh dorchacht ar thalamh na hÉigipte, dorchacht a ba fhéidir a mhothú.”

22. Agus shín Maois amach a lámh i dtreo neimhe agus b'sheo dorchacht thiubh ar thalamh na hÉigipte go léir ar feadh trí lá.

23. Ní fhaca fear fear ná níor bhog duine óna stáitse ar feadh trí lá; ach bhí solas ag clann Iosrael mar a rabhadarsan.

24. Chuir Forann fios ar Mhaois ansin agus dúirt: “Imígí agus déanaigí íobairt don Tiarna. Ní miste bhur miondaoine a dhul libh, ach caithfidh bhur dtréada agus bhur dtáinte fanacht anseo.”

Eaxodus 10