3. Íosácár, Zabúlun agus Biniáimin,
4. Dán agus Naftáilí, Gád agus Áiséar.
5. Deichniúr agus trí fichid ar fad sliocht Iacóib; bhí Iósaef cheana féin san Éigipt.
6. Ansin cailleadh Iósaef agus a dheartháireacha go léir, agus an ghlúin sin uile.
7. Ach bhí an rath ar shliocht Iosrael agus chuadar i líonmhaire go mór; chuadar in iomadúlacht agus i dtreise go héachtach, i dtreo gur líonadar an tír.
8. Tháinig rí nua i réim san Éigipt, gan aon aithne aige ar Iósaef.
9. Agus dúirt seisean lena mhuintir: “Muintir seo Iosrael, féachaigí conas mar a sháraíonn siad sinn i líonmhaire agus i neart.
10. Téanaigí agus bímis glic leo d'fhonn nach méadódh ar a líon, agus, má thagann cogadh orainn, nach dtaobhóidís lenár naimhde agus troid inár n‑aghaidh agus éalú as an tír.”
11. Uime sin chuireadar saoistí saothair os a gcionn chun iad a chloí le hualaí troma; agus thógadar na cathracha Pition agus Ramasaes d'Fhorann.
12. Ach dá mhéad a luíodh orthu, is ea is mó a chuadar i líonmhaire agus a leathadar. Agus tháinig scanradh ar na hÉigiptigh roimh mhuintir Iosrael.
13. Chuireadar iallach ar mhuintir Iosrael dá bhrí sin seirbhis an éigin a dhéanamh,
14. agus d'fhágadar an saol go searbh acu le saothar dian i mbun moirtéil agus brící agus gach sórt saothair sna goirt; bhrúdar gach sort saothair orthu.
15. Ansin labhair rí na hÉigipte le mná cabhartha na nEabhrach - bhí Sifreá mar ainm ar bhean acu, agus Púá ar an mbean eile.