Eaxodus 1:20-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Bhí Dia go maith do na mná cabhartha, agus lean na daoine orthu ag dul i líonmhaire agus chuadar i neart go mór.

21. De bhrí go raibh eagla Dé ar na mná cabhartha, bhronn sé sliocht orthu.

22. Ansin thug Forann ordú dá mhuintir go léir: “Gach gin mhic a bhéarfar do na hEabhraigh, caithigí san abhainn é; ach ligigí do na hiníonacha go léir maireachtáil.”

Eaxodus 1