Eagna 9:7-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Is tú a thogh mé le bheith i mo rí ar do phobalagus i mo bhreitheamh ar do chlann mhac agus iníonacha.

8. D'ordaigh tú dom teampall a thógáil ar do shliabh naofa,agus altóir sa chathair ina gcónaíonn tú,macasamhail den bhoth naofa sina bhí ullmhaithe agat féin ón tosach.

9. Tá an eagna i do chuideachta;is eol di d'oibreacha go léir;bhí sí i láthair nuair a bhí tú ag cruthú na cruinne,tuigeann sí céard is taitneamhach leatagus céard is ceart de réir d'aitheanta.

10. Seol amach as na flaithis naofa í;cuir chugam í ó do ríchathaoir ghlórmharchun go mbeidh sí ag cuidiú agus ag comhoibriú liomi dtreo is go bhfoghlaimeoinn céard is áil leat.

11. Mar tá fios gach feasa aici agus tuigeann sí an uile ní;treoróidh sí mé go stuama i mo ghnóthaí uileagus cosnóidh sí mé lena [cumhacht].

12. Ansin beidh mo ghníomhartha taitneamhach leatagus rialóidh mé do phobal go hionraicagus beidh ríchathaoir m'athar tuillte agam.

13. Cén duine ar féidir leis fios a fháil ar rún Dénó a dhéanamh amach céard is toil leis an Tiarna?

14. Mar, tá réasúnaíocht an duine gan mhaithagus is guagach í ár n‑intinn.

15. Óir tá an corp somhillte ina ualach ar an anamagus tá an bhoth thalmhaí ina meáchan ar an aigne shuaite.

16. Is ar éigean is féidir linn a bhfuil ar an talamh a thomhasagus ní gan dua a fhaighimid a bhfuil in aice láimhe.Cé hé ar féidir dó, mar sin, a bhfuil ar neamh a rianú?

17. Cé a fuair fios ar do rún riamh murar thug tusa an eagna dóagus murar chuir tú do spiorad naofa chuige ó na flaithis?

18. Sa tslí sin díríodh bóithre mhuintir an tsaoil seoagus múineadh do dhaoine céard ab áil leatsa,agus sábháladh iad tríd an eagna.

Eagna 9