1. A Dhia ár n‑aithreacha agus a Thiarna na trócaire,a rinne gach ní le do bhriathar,
2. agus a dhealbhaigh an duine le barr eagna,chun go mbeadh tiarnas aige ar ar chruthaigh tú,
3. agus go rialódh sé an chruinne le naofacht agus le fíréantacht,agus go mbainfeadh sé feidhm as a údarás le hintinn dhíreach,
4. tabhair dom an eagna sina bhíonn ina suí le hais do ríchathaoireach;ná diúltaigh áit a thabhairt dom i measc do ghiollaí.
5. Mar is mé do sheirbhíseach agus mac do bhanóglaigh,duine tréithlag gearrshaolach,ar róbheag í a thuiscint i gcúrsaí cirt agus dlíthe.
6. Óir, dá fhoirfe féin é duine ar bith den Ádhamhchlann,mura mbíonn an eagna a thagann uaitse aige,ní bheidh meas ag aon duine air.
7. Is tú a thogh mé le bheith i mo rí ar do phobalagus i mo bhreitheamh ar do chlann mhac agus iníonacha.
8. D'ordaigh tú dom teampall a thógáil ar do shliabh naofa,agus altóir sa chathair ina gcónaíonn tú,macasamhail den bhoth naofa sina bhí ullmhaithe agat féin ón tosach.
9. Tá an eagna i do chuideachta;is eol di d'oibreacha go léir;bhí sí i láthair nuair a bhí tú ag cruthú na cruinne,tuigeann sí céard is taitneamhach leatagus céard is ceart de réir d'aitheanta.