Eagna 7:17-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Óir is é a thug eolas cruinn dom ar a bhfuil ann,ionas go dtuigfinn comhdhéanamh na cruinneagus oibriú na ndúl,

18. tosach, deireadh agus lár na n‑aimsirí,sealaíocht na ngrianstadanna agus athrú na séasúr,

19. timthriallta na mblianta agus na réaltbhuíonta,

20. dúchas na n‑ainmhithe agus iompar na mbeithíoch allta,cumhachta gaoth agus smaointe daoine,saghsanna na bplandaí agus buanna a bhfréamhacha.

21. D'fhoghlaim mé a bhfuil folaithe agus follasach,

22. mar b'í an eagna, ceardaí oilte an uile ní, a mhúin mé.Tá spiorad intleachtúil naofa san eagna,é uathúil, ildánach, grinn,aclaí, soiléir, gan smál,cinnte, domhillte,

23. dea-chroíoch, géar,do-choiscthe,dea-ghníomhach, daonnachtúil,buanseasmhach, daingean, saor ó imní,uilechumhachtach, uilebhreathnaitheach,agus é fite fuaite i ngach uile spioradintleachtúil, glan, sárghrinn eile.

24. Is gasta í an eagna ná gach gluaiseacht eile;de bharr a glaine tá sí fite fuaite i ngach uile ní.

25. Anáil chumhachtach Dé is ea í,eisileadh fíorghlan ó ghlóir an Uilechumhachtaigh.Ar an ábhar sin, ní féidir le haon ní salachtéaltú isteach inti.

26. Scáil niamhrach an tsolais shíoraí is ea íagus scáthán neamhtheimhlithe éifeachtúlacht Déagus íomhá a mhaitheasa.

27. Níl inti féin ach aon ní amháinach is féidir léi gach uile ní a dhéanamh;fanann sí istigh inti féinach déanann sí gach uile ní a athbheochan.I ngach uile ghlúin téann sí a chónaí in anamacha cráifeachaagus déanann sí cairde Dé agus fáithe díobh.

28. Ní ghránn Dia dadaach an té a chónaíonn i bhfochair na heagna.

29. Is áille í ná an ghrian;is gile í ná gach uile réaltbhuíon atá ann.Má chuirtear i gcóimheas leis an solas féin ífaightear níos lonraí í na é;

30. mar géilleann an solas don oícheach ní sháraíonn an t‑olc an eagna choíche.

Eagna 7