1. Duine básmhar ar nós gach duine eile is ea mise freisin;shíolraigh mé ón gcéad fheara dealbhaíodh as an luaithreach;ar feadh deich mí múnlaíodh mo cholainni mbroinn mo mháthar,
2. i ndiaidh a dlúthú le chéile i bhfuil,ó shíol fir agus ó sháile an phósta.
3. Nuair a rugadh mé,tharraing mé isteach anáil den ghnáthaer,agus thit mé síos ar an talamh,a bhí d'aon mhianach liom féin;ar nós cách b'í an chéad fhuaim a rinne mé uaill chaointe.
4. Cuireadh i gcrios ceangail méagus oileadh mé le togha an aireachais.
5. Ní raibh rí ar bith ann riamha raibh a mhalairt de thosach ar a shaol.
6. Óir, níl ach an t‑aon bhealach amháinisteach sa saol seo ag cáchagus an t‑aon bhealach amháin amach as mar an gcéanna.
7. Ghuigh mé, mar sin, agus tugadh bua na tuisceana dom;rinne mé achainí agus tháinig spiorad na heagna chugam,
8. ba í mo rogha í thar shlata agus thar chathaoireacha ríoga,agus ba neamhní liom an saibhreas lena hais.