Eagna 7:1-3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Duine básmhar ar nós gach duine eile is ea mise freisin;shíolraigh mé ón gcéad fheara dealbhaíodh as an luaithreach;ar feadh deich mí múnlaíodh mo cholainni mbroinn mo mháthar,

2. i ndiaidh a dlúthú le chéile i bhfuil,ó shíol fir agus ó sháile an phósta.

3. Nuair a rugadh mé,tharraing mé isteach anáil den ghnáthaer,agus thit mé síos ar an talamh,a bhí d'aon mhianach liom féin;ar nós cách b'í an chéad fhuaim a rinne mé uaill chaointe.

Eagna 7