Eagna 2:12-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Déanaimis luíochán roimh an bhfíréanmar cuireann sé as dúinn,agus ní áil leis ár ngníomhartha;casann sé linn ár gcionta in aghaidh an dlíagus cuireann sé cúl le cine inár leith.

13. Maíonn sé go bhfuil aithne aige ar Dhiaagus tugann sé mac Dé air féin.

14. Is ann a fhaigheann ár smaointe a ndaoradh;is mór an crá croí dúinn bheith ag féachaint air.

15. Óir is neamhchosúil a shaol le saol daoine eile;a mhalairt ar fad de nósanna beatha atá aige.

16. Daoine bréagchráifeacha atá ionainne, dar leis;coinníonn sé amach uainn mar a sheachnódh sé an brocamas.Dearbhaíonn sé gurb é an sonas is críoch don fhíréan,agus go bhfuil Dia aige féin mar athair.

17. Feicimis mar sin an fíor a ndeir sé:faighimis amach cén chríoch a bheidh air féin.

18. Más é fíormhac Dé é, déanfaidh Dia é a chosaintagus a shaoradh ó lámha a naimhde.

19. Cuirimis promhadh air le cruatan agus le céasadhgo bhfeicfimid an cheansacht atá annagus go mbainfimid triail as a fhoighne.

20. Daoraimis chun báis náirigh émar beidh cabhair le fáil aige -is é féin a dúirt linn é.”

21. Mar sin a bhí siad ag cur is ag cúiteamhach bhí dul amú orthu;chuir a n‑urchóid féin púicín ar a n‑intinn.

22. Níorbh eol dóibh na rúin atá ar eolas ag Dia,ní raibh dóchas acu go bhfaigheadh an ceart a dhíol,agus go dtabharfaí luach saothair do lucht na dea-bheatha.

23. Ach chruthaigh Dia an duinechun nach bhfaigheadh sé bás go deo.Ar dheilbh a nádúir féin a rinne sé é.

24. Trí éad an diabhail tháinig an bás isteach sa saolagus is iad na daoine atá i bpairt leis-sean a bhlaisfidh é.

Eagna 2