Eagna 2:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. De dheasca a gclaonmhachnaimh dúirt siad le chéile:“Is gairid dobrónach é ár saol;agus nuair a bhíonn an bás ag teannadh leis an duinení bhíonn aon leigheas aige air;ná ní fios ar fhill aon duine ó ifreann riamh.

2. Óir is de thaisme a rugadh sinn, agus san am atá le teachtbeimid amhail is nach rabhamar ann riamh.Puth deataigh is ea an anáil atá inár bpolláiríagus níl inár réasún ach spréach a ghineann bualadh ár gcroí.

3. Nuair a mhúchfar í, déanfar luaith dár gcorpagus scaipfear anáil na beathaar nós an aeir neamhsheasmhaigh.

4. Le himeacht aimsire ligfear ár n‑ainm i ndearmadagus ní chuimhneoidh aon duine ar ár ngníomhartha.Séidfear ár mbeatha chun siúil ar nos dhlaíóg dheiridh scamaill,agus scaipfear í mar cheobhrán atá á thóraíochtag gathanna na gréineagus á chloí ag a teas.

5. Go deimhin níl inár mbeatha ach scáth a ghluaiseann thart;agus ní féidir ár mbás a chur ar gcúl, mar tá séala curtha air;agus níl aon duine a fhilleann ar ais.

Eagna 2