Eagna 19:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ach d'ionsaigh díbheirg neamhthrócaireachna héagráifigh go bun an angair,mar bhí a fhios [ag Dia] roimh ré céard a dhéanfaidís:

2. Is é sin, go gceadóidís do do phobal imeachtagus go seolfaidís uathu iad gan mhoill ar dtús,ach ansin go dtiocfaidís ar mhalairt intinneagus go rachaidís sa tóir orthu.

3. Óir, cé go raibh siad gafa fós ag na gnása adhlactha,agus ag déanamh mairgní ar bhruacha uaigheanna na marbh,tharraing siad chucu scéim bhaoth eile:mar atá, na daoine a raibh siadtar éis a iarraidh orthu mar ghrásta imeachta thóraíocht mar theifigh.

4. Is amhlaidh a bhí cinniúint éigin, a bhí tuillte acu,á mbrú i dtreo na críche déanaí seoagus ag tabhairt orthu dearmad a dhéanamhar a raibh tar éis titim amach dóibh cheana féin,ionas go bhfulaingeoidís roimh [a mbás] an t‑aon phionós amháin dá bpianpháis a bhí fágtha,

5. agus chun go ndéanfadh do phobal féin turas trasna míorúilteachach go bhfaigheadh an dream eile úd bás éagsúlach.

6. Óir bhí an chruthaíocht uile á dealbhú féin as an nuaina nádúr agus ag géilleadh do d'aitheantaionas go gcoimeádfaí do chlannsa slán ó dhochar.

7. Chonacthas an scamall ag caitheamh scáile ar an gcampaagus talamh tirim ag éirí aníos mar a raibh uisce roimhe sin;rinneadh bealach gan bhac den Mhuir Ruaagus machaire féarmhar den fharraige fhraochmhar

8. trínar ghabh an náisiún go léira bhí faoi dhídean do láimhe, in aon bhuíon amháin,tar éis dóibh éachtaí iontacha a fheiceáil.

Eagna 19