Eagna 17:3-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Mar, díreach nuair a bhí siad ag ceapadhnach dtabharfaí a bpeacaí rúin faoi deara,toisc iad a bheith folaithe faoi bhrat dubh na díchuimhne,cuireadh scaipeadh na mionéan orthu,agus bhí siad ar aon bharr amháin creathaagus iad á scanrú ag na nithe a bhí á dtaibhreamh dóibh.

4. Fiú amháin na seomraí cúil ina raibh siadníor chosain siad ar an imeagla iad;bhí fuaimeanna scéiniúla ag plimpíl ina dtimpeall;thaispeáin taibhsí cromshúileacha gruama iad féin dóibh;

5. ní raibh sé de chumhacht ag tine ar bith solas a sholáthar dóibh,ná níor fhéad gathanna geala na réaltaían oíche dhúdhorcha úd a shoilsiú ach oiread.

6. Ní raibh ag lonrú orthu tríd an dorchadasach bladhairí scanrúla a las suas uathu féin.Le neart an anbhá a chuir an fhís dhoiléir sin orthu,cheap siad go raibh na nithe a chonaic siadníos measa ná mar a bhí siad dáiríre.

Eagna 17