9. Ach is róchuma leis-sean go bhfuil an bás i ndán dó,ná gur gearr é an saol a bheidh aige abhus.Is amhlaidh a théann sé ag iomaíocht le hórcheardaitheagus le gaibhne geala,agus déanann sé aithris ar ghaibhne copairagus ceapann sé gur mór an clú dó é dealbha bréige a mhúnlú.
10. Tá a chroí ina luaithreach,is suaraí ná an chréafóg a dhóchas,agus is anuaisle ná an láib féin a bheatha.
11. Óir ní aithnid dó an té a mhúnlaigh é,agus a shéid anam bíogúil isteach annagus a chuir anáil na beatha faoi.
12. Is amhlaidh a mheasann sé nach bhfuil inár saol ach siamsaagus gurb ionann ár mbeatha agus aonach brabachóireachta.“Óir ní foláir do dhuine,” deir sé,“brabach a dhéanamh ar ais nó ar éigean.”
13. Is eol don fhear seo thar aon duine eile go bhfuilpeaca á dhéanamh aige,nuair a dhéanann sé árthaí sobhriste agus íola as cré na talún.
14. Naimhde uile do phobailse,iad siúd go léir a d'imir ansmacht orthu,tá siad an-díchéillí ar fadagus is truamhéilí ina meon iad ná naíonán somheallta.
15. Mar cheap siad gur dhéithe iad íola uile na bpágánach,d'ainneoin go bhfuil súile acu nach bhfeiceannagus polláirí nach dtarraingíonn anáilagus cluasa nach n‑éisteannagus meara nach mothaíonnagus cosa nach féidir leo siúl.