1. Is cneasta, dílis, fadfhulangach thú, a Dhia linn,agus rialaíonn tú a bhfuil ann le barr trócaire.
2. Má pheacaíomar féin, is leatsa sinnagus is eol dúinn do chumhacht;ach ní dhéanfaimid aon pheacaí feasta,mar is eol dúinn go n‑áirítear sinn ar do mhuintir.
3. Óir is í iomláine na fíréantachta í aithne a bheith ag duine ort;agus is í fréamh na neamhbhásmhaireachta íeolas a bheith ag duine ar do chumhacht.
4. Níor chuir aon dealbh bhaothealaíonta daoine amú sinnná aon saothar díomhaoin péintéiríná íomhá éigin a bhí smeartha le dathanna éagsúla,
5. sa chaoi, nuair a fheiceann amadán éigin iad,go músclaítear antoil bhuile annagus go gcuireann sé dúil i gcruth neamhbheo deilbhe mairbhe.