Eagna 14:4-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Ar an gcuma seo taispeánann tú gur féidir duitdaoine a tharrtháil ón uile bhaol,sa chaoi go bhféadann duinenach bhfuil scil ar bith aige dul ar bord loinge.

5. Óir, na gléasanna a cheapann d'eagna-sa,is mian leat nach bhfágfaí díomhaoin iad.Ar an ábhar sin taobhaíonn daoine a mbeogo fiú le blúire adhmaid atá an-bheag ar fad,agus tar éis dóibh seoladh tríd an bhfarraige shuaite ar raftabaineann siad a gceann scríbe amach gan bascadh gan bárthain.

6. Fiú amháin i dtús an tsaoil,nuair a bhí na fathaigh uaibhreacha á ndíothú,d'éalaigh dóchas an domhain ar bord raftaagus faoi threoir do láimhe-sé d'fhág sé síol ag an saola bhfásfadh cine nua as.

7. Óir is beannaithe an t‑adhmada n‑eascraíonn an fhíréantacht as.

8. Is mallaithe an t‑íol lámhdhéantaagus an fear a shnoigh é freisin,mar gurbh eisean a rinne an obairagus gur tugadh “Dia” ar an rud somhillte féin.

9. Is fuath le Dia an t‑éagráifeach féinagus tá a chuid éagráifeachta chomh fuafar céanna aige.

10. Go deimhin, cuirfear pionós ní amháin ar an rud a rinneadhach ar an bhfear a rinne é chomh maith.

11. Ar an ábhar sin imreofar díoltas ar íomhánna na bpágánach leismar, bíodh gur cuid de chruthaíocht Dé iad,tá an dearg-ghráin aige orthu;óir níl iontu ach ceap tuisle don ghnáthdhuine,agus bobghaiste do chosa amadán.

12. Is é ceapadh íol tosach na drúiseagus is é a n‑aimsiú truailliú na beatha.

13. Ní raibh siad ann i dtús báireagus ní bheidh siad ann i gcónaí.

14. Trí bhaothdhíomas daoine a tháinig siad isteach sa saolagus tá críoch thobann ceaptha dóibh.

15. De dheasca bhás anabaí a mhic a sciobadh uaidh go tobann,bhí de chumha ar a athair go ndearna sé dealbh de,agus ansin gur thug sé an onóir is dual do Dhia amháindo dhune a bhí tar éis bháis,agus gur fhág sé searmanais agus deasghnátha rúndale cleachtadh ag a chleithiúnaithe.

16. Ansir le himeacht aimsire neartaigh ar an nós éagráifeach seonó go raibh feidhm dlí aige,ags go dtugtaí adhradh d'íomhánna greanta ar ordú prionsaí.

17. Ansin nuair nárbh fhéidir le daoineonóir a thabhairt do rialtóirí ina láthairtoisc iad a bheith ina gcónaí i bhfad ar shiúl,shamhlaigh siad dóibh féin cló an rí a bhí i bhfad uathu,ach ar mhian onóir a thabhairt dó,agus rinne siad dealbh shofheicthe dechun go ndéanfaidís lútáil go díograiseach leis an téa bhí as láthair amhail is go raibh sé i láthair.

18. Ansin chun an cultas seo a neartú ghríosaighceardaithe glóirmhianachafiú amháin daoine nárbh aithnid dóibh an rí ar aon chor.

19. Óir de bhrí, b'fhéidir, gur mhian leosásamh a thabhairt don rialtóir,chuireadh siad cló níos deise fós ar an íomhále cuidiú a gcuid ceardaíochta.

20. Dá bharr sin, chuir áilleacht na healaínedraíocht ar na gnáthdhaoine,sa chaoi gur cheap siad gur cheart dóibhábhar adhartha a dhéanamh den té a raibh siadtar éis onóir a thabhairt dó tamall gearr roimhe sin mar dhuine.

Eagna 14