Eagna 14:22-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Ansin níor leor leo dul amú maidir lena gcuid eolais ar Dhia;ach cé go maireann siad i lár chogadh mór aineolaistugann siad síocháin ar a leithéid sin d'olloilc.

23. Óir, cibé acu a chleachtann siaddeasghnátha tionscanta naíonmharaithe,nó a bhíonn siad páirteach i searmanais rúnda,nó a dhéanann siad pléaráca drabhlásach buile,

24. ní choimeádann siad a mbeatha ná a bpóstaí slángan cháim níos mó.Ach déanann fear luíochán ar fhear eileagus maraíonn sé é;nó meallann sé a bhean chéile chun adhaltranas a dhéanamh leisagus cuireann sé brón agus buairt air dá bharr.

25. Tá gach uile shórt trína chéile;níl le feiceáil ach doirteadh fola agus feallmharú,gadaíocht agus caimiléireacht, lofacht agus mídhílseacht,clampar agus mionnú éithigh,

26. buairt á cur ar dhaoine macánta, míbhuíochas,truailliú anamacha, collaíocht mhínádurtha,ainrialtacht i gcúrsaí pósta, adhaltranas agus ainriantacht.

27. Óir adhradh íol, nár cheart fiú amháin a n‑ainmneacha a lua,tús agus cúis agus críoch an uile oilc.

28. Mar téann a lucht adhartha as a meabhairle barraíocht scléipshuilt,nó déanann siad tairngreachtaí bréagacha,nó maireann siad go hainfhíréanta,nó tugann siad mionnaí bréige go meargánta.

29. Óir de bhrí gur neamhbheo iad na híolaa gcuireann siad a muinín iontu,is dóigh leo, nuair a dhéanann siad mionnú éithigh,nach ndéanfaidh sé sin aon dochar dóibh.

Eagna 14