Eagna 11:8-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. tar éis duit a thaispeáint dóibhtríd an tart a bhí orthu féin san amconas a smachtaigh tú a naimhde.

9. Óir nuair a cuireadh féachaint orthu féin -siúd is gur mhaolaigh an trócaire déine an chéachta -thuig siad conas a bhí na héagráifigh á gciapadh,ar tugadh daorbhreith orthu le teann feirge.

10. Mar rinne tú dream amháin a phromhadh,ag cur comhairle orthu mar athair;ach chéas tú an dream eile,ag tabhairt daorbhreith orthu mar rí cruachroíoch.

11. Is amhlaidh a bhí siad á gcránuair a bhí siad as láthair [na bhfíréan]chomh maith céanna agus a bhí siadnuair a bhí siad ina láthair.

12. Tháinig brón orthu a méadaíodh faoi dhóagus thosaigh siad ag éamhnuair a thug siad chun cuimhnecéard a tharla dóibh.

13. Óir nuair a chuala siadgur tháinig rath ar na fíréintrí bhíthin a gcuid peannaidí féinthuig siad gurbh é an Tiarna faoi deara é.

Eagna 11