2. Ghluais siad trí dhíthreabh neamháitritheagus shuigh siad a mbothanna i bhfásaigh dhíbhealaigh.
3. Sheas siad in aghaidh a naimhde,chosain siad iad féin ar a lucht ionsaithe.
4. Nuair a bhí tart orthu, ghlaoigh siad ortsa,agus tugadh uisce dóibh as carraig rite chruachun a dtart a mhúchadh.
5. Na nithe a bhí ina dtrúig smachtaithe dá naimhde,is tríothu a cuireadh an rath orthusannuair a bhí siad i gcruachás.
6. In ionad síorfhoinse na habhanna suaitheadh agus truaillíodh le fuil théachta,
7. mar dhaorbhreith ar an reachta d'ordaigh marú na naíonán,thug tú do na fíréin flúirse uiscenach raibh súil acu léi;
8. tar éis duit a thaispeáint dóibhtríd an tart a bhí orthu féin san amconas a smachtaigh tú a naimhde.