Eagna 11:12-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Tháinig brón orthu a méadaíodh faoi dhóagus thosaigh siad ag éamhnuair a thug siad chun cuimhnecéard a tharla dóibh.

13. Óir nuair a chuala siadgur tháinig rath ar na fíréintrí bhíthin a gcuid peannaidí féinthuig siad gurbh é an Tiarna faoi deara é.

14. An té a shéan siad go fonóideachnuair a caitheadh amach gan cosaint é tráth,rinne siad iontas de i ndeireadh na dála,mar níorbh ionann an tart a bhí orthu féinagus a bhí ar na fíréin.

15. Mar chúiteamh ar a mbaothsmaointe urchóideachaa chuir ar seachrán iad,sa chaoi go n‑adhraidís péisteanna díchéillí agus feithidí gránna,scaoil tú scata mór d'ainmhithe éigiallta leochun díoltas a imirt orthu,

Eagna 11