Eagna 10:3-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Nuair a thréig an drochdhuine í le teann feirge,bascadh é de dheasca a chuthaigh fhionaíolaigh.

4. Nuair a tháinig an díle ar an domhain mar gheall air,shábháil an eagna arís é;mar thug sí stiúradh don dea-dhuinetrí phíosa beagmhaitheasach adhmaid.

5. Nuair a bhí na gintlithe ina gcíor thuathail,toisc iad a bheith ar aon aigne le chéile sa mhallaitheacht,is í an eagna a d'aithin an dea-dhuineagus a choimeád saor ó locht é i láthair Déagus a chuir ar a chumas gan géilleadhdon trua a bhí aige dá leanbh féin.

6. Nuair a bhí na héagráifigh á ndíothú,is í an eagna a tharrtháil an dea-dhuine,nuair a bhí sé ag teitheadh ón tinea tháinig anuas ar na cúig chathair,

7. mar a bhfuil anois, mar chruthú ar a mallaitheacht,fásach a bhíonn ag cur deataigh uaidh de shíor,agus plandaí a thugann torthaí uathu nach n‑aibíonn riamh,agus gallán salainn atá mar leacht cuimhnear anam díchreidmheach.

8. Ó nár thug siad aird ar an eagna,ní hé amháin gur coisceadh iad ón mhaith a aithint,ach d'fhág siad cuimhne a mbaoise ag an saol freisinsa chaoi nach bhféadfaí a bhfaillí a cheilt.

9. Ach d'fhuascail an eagna a lucht freastail féin óna dtrioblóidí.

10. Nuair a bhí an dea-dhuine ag teitheadh ó fhearg a dhearthár,is í an eagna a threoraigh é ar bhóithre díreacha,agus a thaispeáin ríocht Dé dó,agus a thug eolas dó ar nithe naofa.Chuir sí rath ar a shaothar agus rinne sí a chuid oibre torthúil.

Eagna 10