Eagna 10:15-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Is í an eagna a d'fhuascail pobal naofa, cine gan cháim,ó náisiún a bhí ag imirt foréigin orthu.

16. Chuaigh sí isteach in anam shearbhónta an Tiarna,agus sheas sí in aghaidh ríthe aduafarale héachtaí agus le comharthaí.

17. Thug sí luach a saothair do na dea-dhaoineagus threoraigh sí ar bhóthar iontach iad;bhí sí ina scáth dóibh i rith an laeagus ina réaltbhuíon lonrach dóibh ar feadh na hoíche.

18. Sheol sí iad trasna na Mara Ruaagus thug slán iad trí uisce domhain.

19. Bháigh sí a naimhde ansin,agus chaith sí aníos arís iad as an duibheagán.

20. Dá thoradh sin bhain na dea-dhaoine a gcuid arm de na héagráifigh,agus chan siad iomann, a Thiarna, do d'ainm naofaagus mhol siad do lámh chosantach d'aon ghuth;

21. óir d'oscail an eagna béal na mbalbhánagus bhronn sí líofacht chainte ar naíonáin.

Eagna 10