Eagna 10:14-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Chuaigh sí síos sa charcair ina theanntaagus nuair a bhí sé i ngéibheann,níor fhág sí é gur thug sí dó slat ríogaagus údarás ar an dream a bhí ag déanamh foréigin air;thaispeáin sí nach raibh ach lucht éithighsa dream a rinne lochtú airagus thug sí dó clú buanmharthanach.

15. Is í an eagna a d'fhuascail pobal naofa, cine gan cháim,ó náisiún a bhí ag imirt foréigin orthu.

16. Chuaigh sí isteach in anam shearbhónta an Tiarna,agus sheas sí in aghaidh ríthe aduafarale héachtaí agus le comharthaí.

17. Thug sí luach a saothair do na dea-dhaoineagus threoraigh sí ar bhóthar iontach iad;bhí sí ina scáth dóibh i rith an laeagus ina réaltbhuíon lonrach dóibh ar feadh na hoíche.

Eagna 10