1. Is í an eagna a chosain athair an domhain,an chéad duine a dhealbhaigh Dia,nuair nach raibh ann ach é féin,agus a d'fhuascail é óna choir
2. agus a thug cumhacht dó chun an uile ní a riaradh.
3. Nuair a thréig an drochdhuine í le teann feirge,bascadh é de dheasca a chuthaigh fhionaíolaigh.
4. Nuair a tháinig an díle ar an domhain mar gheall air,shábháil an eagna arís é;mar thug sí stiúradh don dea-dhuinetrí phíosa beagmhaitheasach adhmaid.
5. Nuair a bhí na gintlithe ina gcíor thuathail,toisc iad a bheith ar aon aigne le chéile sa mhallaitheacht,is í an eagna a d'aithin an dea-dhuineagus a choimeád saor ó locht é i láthair Déagus a chuir ar a chumas gan géilleadhdon trua a bhí aige dá leanbh féin.
6. Nuair a bhí na héagráifigh á ndíothú,is í an eagna a tharrtháil an dea-dhuine,nuair a bhí sé ag teitheadh ón tinea tháinig anuas ar na cúig chathair,
7. mar a bhfuil anois, mar chruthú ar a mallaitheacht,fásach a bhíonn ag cur deataigh uaidh de shíor,agus plandaí a thugann torthaí uathu nach n‑aibíonn riamh,agus gallán salainn atá mar leacht cuimhnear anam díchreidmheach.
8. Ó nár thug siad aird ar an eagna,ní hé amháin gur coisceadh iad ón mhaith a aithint,ach d'fhág siad cuimhne a mbaoise ag an saol freisinsa chaoi nach bhféadfaí a bhfaillí a cheilt.
9. Ach d'fhuascail an eagna a lucht freastail féin óna dtrioblóidí.