1. Ar ndóigh, leag an chéad chonradh rialacha síos don liotúirge agus bhí sanctóir ann freisin, ceann de dhéantús daonna.
2. Is amhlaidh a cuireadh both suas, an chéad chuid den sanctóir. Istigh inti bhí an coinnleoir agus an bord agus builíní na fianaise. Tugtar an Áit Naofa ar an áit sin.
3. Laistiar den dara cuirtín bhí an bhoth a dtugtar an Áit Rónaofa air.
4. Anseo bhí altóir óir na túise agus áirc an chonartha agus í clúdaithe ar fad le hór. Istigh san áirc bhí próca óir a raibh an manna ann agus slat Árón a chuir bachlóga amach tráth agus táblaí an chonartha.
5. Os a cionn bhí na ceiribíní glórmhara agus a sciatháin leata amach os cionn chathaoir na trócaire. Ach ní hé seo an t‑am chun miontuairisc a thabhairt ar na nithe sin.
6. Nuair a bhíonn na nithe sin socair mar sin bíonn na sagairt ag dul isteach sa chéad bhoth i gcónaí agus iad i mbun a gcúraimí liotúirgeacha.
7. Ní théann aon duine isteach sa dara both ach amháin an t‑ardsagart agus sin aon uair amháin sa bhliain. Tógann sé fuil isteach leis lena hofráil ar a shon féin agus in éiric na bpeacaí a rinne an pobal le corp aineolais.
8. Sa tslí sin cuireann an Spiorad Naomh in iúl dúinn nár taispeánadh an bealach isteach chun na hÁite Rónaofa fós toisc an chéad bhoth a bheith ina seasamh go fóill.
9. Samhail is ea é sin atá ag tagairt don am atá ann anois. Ciallaíonn sé go bhfuil tabhartais agus íobairtí á n‑ofráil nach bhfuil de chumhacht acu coinsias an adhraitheora a ghlanadh ó pheaca go hiomlán.