Eabhraigh 6:4-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Na daoine a soilsíodh tráth agus a bhlais an tabhartas neamhaí agus a fuair a gcion féin den Spiorad Naomh

5. agus a chuir eolas ar dhea-scéal Dé agus ar iontais an tsaoil atá le teacht agus

6. a thit ar lár d'ainneoin sin uile, ní féidir a leithéidí siúd a thabhairt chun aithrí arís de bhrí go bhfuil siad ag céasadh Mac Dé dá ndeoin féin uair amháin eile agus ag déanamh ceap magaidh de.

7. Cuireann Dia rath ar an talamh a shúnn isteach an fhearthainn a thiteann air ó am go chéile agus a thugann barr uaidh a rachaidh i dtairbhe do na daoine a saothraítear ar a son é.

8. Ach más sceacha agus feochadáin amháin a thugann sé uaidh ní fiú dada é agus is gearr uaidh mallacht [Dé]; dá dheasca sin dófar é ar deireadh thiar.

9. Ach bíodh go labhraímid mar seo, a bhráithre ionúine, táimid cinnte de gur fearr ná sin an bhail atá oraibhse agus go bhfuil sibh ar bhealach bhur slánaithe.

10. Níl Dia éagórach. Dá bhrí sin, ní dhéanfaidh sé dearmad ar an obair a rinne sibh ná ar an ngrá atá agaibh dó. Thaispeáin sibh an grá seo go háirithe nuair a tháinig sibh i gcabhair ar na Críostaithe eile agus, ar ndóigh, tá sé seo á dhéanamh agaibh fós.

11. Is mian linn, áfach, go dtaispeánfadh gach duine agaibh an díograis chéanna go dtí an deireadh nó go dtiocfaidh na nithe a bhfuil súil agaibh leo i gcrích.

12. Níor mhaith linn go n‑éireodh sibh leisciúil ach go ndéanfadh sibh aithris ar na daoine atá ina n‑oidhrí, de bharr a gcreidimh agus a bhfadfhulaingthe, ar na maitheasaí a gealladh dóibh.

13. Nuair a thug Dia an gealltanas d'Abrahám is air féin a dhearbhaigh sé mar ní raibh aon rud ann níos mó ná é féin a ndearbhódh sé air.

14. Is é a dúirt sé ná: “Is iomaí beannacht a chuirfidh mé ort agus ní bheidh áireamh ar do shliocht.”

15. Bhí bua na fadfhulaingthe ag Abrahám, agus mar sin de fuair sé a raibh geallta dó.

16. Anois, déanann daoine dearbhú ar rud atá níos mó ná iad féin agus cuireann dearbhú daingean mar seo deireadh le gach argóint a bhíonn eatarthu.

17. Mar an gcéanna, nuair ba mhian le Dia a thaispeáint ní ba shoiléire ná riamh do na daoine ar tugadh an gealltanas dóibh nach bhféadfadh athrú a theacht ar a chomhairle, thug sé mionn uaidh mar dhearbhú air.

Eabhraigh 6