12. Níor mhaith linn go n‑éireodh sibh leisciúil ach go ndéanfadh sibh aithris ar na daoine atá ina n‑oidhrí, de bharr a gcreidimh agus a bhfadfhulaingthe, ar na maitheasaí a gealladh dóibh.
13. Nuair a thug Dia an gealltanas d'Abrahám is air féin a dhearbhaigh sé mar ní raibh aon rud ann níos mó ná é féin a ndearbhódh sé air.
14. Is é a dúirt sé ná: “Is iomaí beannacht a chuirfidh mé ort agus ní bheidh áireamh ar do shliocht.”
15. Bhí bua na fadfhulaingthe ag Abrahám, agus mar sin de fuair sé a raibh geallta dó.
16. Anois, déanann daoine dearbhú ar rud atá níos mó ná iad féin agus cuireann dearbhú daingean mar seo deireadh le gach argóint a bhíonn eatarthu.
17. Mar an gcéanna, nuair ba mhian le Dia a thaispeáint ní ba shoiléire ná riamh do na daoine ar tugadh an gealltanas dóibh nach bhféadfadh athrú a theacht ar a chomhairle, thug sé mionn uaidh mar dhearbhú air.
18. Dá bharr sin tá dhá rud do-athraithe againn anois nach féidir do Dhia bréag a dhéanamh iontu. Tugann siad sólás mór dúinne atá tar éis teitheadh linn chun greim a bhreith ar na nithe a chuirtear mar ábhar dóchais romhainn.
19. Is cosúil le hancaire daingean docht dár n‑anam an dóchas sin. Téann sé isteach sa sanctóir atá laistigh den chuirtín
20. mar a ndeachaigh Íosa isteach ina cheannródaí ar ár son nuair a rinneadh ardsagart síoraí de ar nós Mheilcizidic.