1. Dá bhrí sin, fágaimis i leataobh na bunfhírinní i dtaobh Chríost. Ná tugaimis faoin mbunsraith a chur síos arís; ná déanaimis trácht ar aithrí a dhéanamh i bpeacaí marfacha ar chreideamh i nDia,
2. ar theagasc i dtaobh gnásanna níocháin, ar leagan lámh, ar an aiséirí ó mhairbh, ar an mbreithiúnas síoraí ach abraimis focal i dtaobh an teagaisc fhoirfe.
3. Is ea, déanfaimid é sin, má thugann Dia cead dúinn.
4. Na daoine a soilsíodh tráth agus a bhlais an tabhartas neamhaí agus a fuair a gcion féin den Spiorad Naomh
5. agus a chuir eolas ar dhea-scéal Dé agus ar iontais an tsaoil atá le teacht agus
6. a thit ar lár d'ainneoin sin uile, ní féidir a leithéidí siúd a thabhairt chun aithrí arís de bhrí go bhfuil siad ag céasadh Mac Dé dá ndeoin féin uair amháin eile agus ag déanamh ceap magaidh de.
7. Cuireann Dia rath ar an talamh a shúnn isteach an fhearthainn a thiteann air ó am go chéile agus a thugann barr uaidh a rachaidh i dtairbhe do na daoine a saothraítear ar a son é.