5. agus arís san abairt atá á plé againn deir sé: “Ní rachaidh siad isteach i m'áitreabh suaimhnis choíche.”
6. Mar sin de, is léir go rachaidh roinnt éigin daoine isteach ann. Ach de bhrí nach ndeachaigh na chéad daoine ar fograíodh an dea-scéal dóibh isteach ann de dheasca a gcuid easumhlaíochta,
7. shocraigh Dia ar lá eile a bheith ina “lá inniu”, nuair a labhair sé i bhfad níos déanaí trí Dháiví na focail seo atá luaite againn thuas: “Má chloiseann sibh a ghuth inniu, ná cruaigí bhur gcroí.”
8. Óir dá mba rud é gur thug Iósua suaimhneas dóibh, ní bheadh Dia ag caint faoi lá eile ina dhiaidh sin.
9. Dá bhrí sin, tá suaimhneas sabóideach ag feitheamh le pobal Dé,
10. óir cibé duine a théann isteach in áitreabh suaimhnis Dé stadann sé dá chuid oibre faoi mar a stad Dia dá chuid oibre féin.
11. Déanaimis ár ndícheall, mar sin, chun dul isteach san áitreabh suaimhnis sin ionas nach dteipfidh ar aon duine de dheasca an saghas céanna easumlaíochta.
12. Óir, tá briathar Dé beoúil bríomhar; is géire é ná aon chlaíomh dhá bhéal; téann sé isteach idir anam agus spiorad, idir smior agus smúsach agus tugann sé breith ar chlaonta agus ar smaointe an chroí.
13. Níl créatúr ar bith ann nach follas dó é; mar tá gach ní lom agus nocht do shúile an té sin a gcaithfimid cuntas a thabhairt dó inár ngníomhartha.
14. Ós rud é, mar sin, go bhfuil ardsagart againn atá gafa tríd na flaithis, Íosa, Mac Dé, coinnímis greim docht ar ár gcreideamh.
15. Ní amhlaidh atá ardsagart againn nach féidir dó tuiscint a bheith aige dár laigí ach ceann a triaileadh i ngach slí cosúil linn féin ach nach ndearna peaca riamh.
16. Dá bhrí sin, druidimis go muiníneach le ríchathaoir an ghrásta le súil go ndéanfar trócaire orainn agus go bhfaighimis grásta a chabhróidh linn in am an ghátair.